Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/120

From Wikisource
This page has been validated.
106
Mo Sgéal Féin

XV

Gnó sagairt; agus teacht na bhfíníní

Do ghluais na sé bliana a thugas sa choláisde agus ba mhar a chéile, geall leis, iad go léir. Ní raibh de dheifrigheacht eatartha ach an deifrigheacht a bhí idir na céimeanaibh oibre a bhí againn le déanamh. Bhí a céim oibre féin ceapaithe do gach bliain díobh, bliain abhcóididheachta, bliain ealadhandachta, agus ansan, cheithre bliana diadhachta. Chuireas díom iad gan aon rud neamhchoitchianta do thuitim amach dom. Ní bhfuaras a thuille duaiseana. Níor dheineas aon iaracht ar iad fhághail. Bhí a mhalairt de chúram orm. Ó’n gcéad bhliain amach bhí an tsláinte ag bagairt orm agus bhí an bhagairt ag dul i ngéire i n‑aghaidh gach bliana, i dtreó, nuair a bhí deire na h‑aimsire ag druidim liom, gur chuma liom ach go mbéarfainn na cosa liom as an áit. Thug Diad dhom, moladh ’s buidhchas leis, gur rugas. Fuaras na h‑úird, gach órd acu fé mar a tháinig mo theidiol chuige, go dtí gur cuireadh fé ghrád sagairt mé an t‑aonmhadh lá déag de Mheitheamh an tSamhraidh sa bhliain d’aois an Tighearna, míle ocht gcéad, trí fichid, a seacht. Thánag abhaile, agus ní rabhas sa bhaile ach raint laethanta nuair a tháinig leitir an Easboig chúgham ’á rádh liom dul ag déanamh gnótha sagairt i bparóiste Chille Sheanaigh, i n‑aice Mhalla. Paróiste mhór fhada leathan iseadh í, ó Nead an Fhiolair soir go teórainn Bhaile na Móna agus ó bhruach Abhan Móire ó‑dheas go dtí Áth an Dalláin agus go dtí Bárr an Chárthainn geall leis. Sa taobh theas